Is é is aidhm don ghníomhaíocht eacnamaíochta, a chuirfear chun feidhme faoi chuimsiú Athbheochan Fuinnimh na dTeaghlach, éifeachtúlacht fuinnimh thithe na Gréige a fheabhsú trí rannchuidiú le coigilteas príomhúil chun an sprioc náisiúnta ábhartha a bhaint amach, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh. Ina theannta sin, áirithítear le pleanáil na Gníomhaíochta a nádúr sóisialta trí chritéir shonracha a leagan síos a bhaineann, inter alia, le staid ioncaim na n-úinéirí.