Kohesio: faigh amach faoi thionscadail de chuid an Aontais i do réigiúnsa

About Kohesio

Is bunachar sonraí cuimsitheach eolais é Kohesio a thugann rochtain éasca thrédhearcach ar eolas atá cothrom le dáta faoi thionscadail agus faoi thairbhithe arna gcomhchistiú ag Beartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, le linn na clárthréimhse 2014-2020.

Tacaíonn Beartas Comhtháthaithe an Aontais leis na mílte tionscadal ar fud na réigiún agus na gcathracha san Aontas Eorpach. Is é is aidhm dó comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, trí mhíchothromaíochtaí idir tíortha agus réigiúin a cheartú. Cuireann sé tosaíochtaí polaitiúla an Aontais i gcrích freisin, go háirithe an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.

Anseo is féidir leat teacht ar eolas maidir leCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Comhtháthaithe (CF), agus Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE). Tá níos mó ná 1.5 milliún tionscadal agus thart ar 500,000 tairbhí sa bhunachar sonraí faoi láthair.

Déanfaimid Kohesio a thabhairt cothrom le dáta de réir a chéile le tionscadail agus tairbhithe nua don chlárthréimhse 2021-2027 i ndlúthchomhar le Ballstáit an Aontais agus le húdaráis na gclár.

Ag brath ar chaighdeáin oscailte agus uirlisí foinse oscailte an ghréasáin shéimeantaigh W3C arna soláthar ag Wikimedia Deutschland. Tá na tacair sonraí ar fad ar fáil i bhformáid CSV/XLSX agus i bhformáid RDF (féach an leathanach Seirbhísí).

Foinse sonraí agus baránta teoranta

Foilsíonn na Ballstáit agus údaráis chláir liostaí d’oibríochtaí agus de thairbhithe gaolmhara faoina n-oibleagáidí faisnéise agus cumarsáide(Rialachán (AE) 1303/2013, Iarscríbhinn XII agus Rialachán (AE) 2021/1060, Airteagal 49).

Déanann Kohesio sonraí ó na liostaí oibríochtaí sin a chomhiomlánú agus a chaighdeánú. Is iad na hÚdaráis Bhainistíochta faoi seach atá freagrach as na sonraí go léir a fhoilsítear sna liostaí. Ní ghlacann an Coimisiún Eorpach aon dliteanas maidir le cruinneas an ábhair atá ar Kohesio.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Fógra Dlíthiúil agus an Ráiteas Príobháideachais.

Séanadh

Ní gá gur léiriú é an t-eolas ar an láithreán gréasáin seo ar thuairim an Choimisiúin Eorpaigh, ná tuairim údarás náisiúnta ná údarás cláir Bhallstáit an Aontais ná aon chomhlachta de chuid an Aontais Eorpaigh.

Teagmháil

Chun aon cheist a chur nó aon aiseolas a thabhairt faoi Kohesio, déan teagmháil le REGIO-KOHESIO@ec.europa.eu.