Is é is aidhm do ghníomhaíocht ECON II, a chuirfear chun feidhme faoi chuimsiú an tionscadail “Úsáid a bhaint as córais spárála fuinnimh in earnáil na tithíochta”, éifeachtúlacht fuinnimh thithe na tíre a fheabhsú trí rannchuidiú le coigilteas fuinnimh phríomhúil, chun an sprioc náisiúnta ábhartha a bhaint amach, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh. Ina theannta sin, áirithítear le pleanáil na Gníomhaíochta a nádúr sóisialta trí chritéir shonracha a leagan síos maidir le, inter alia, staid ioncaim na n-úinéirí.