Is cathair dhátheangach í Bolzano nó Bozen. Tá sí suite i réigiún Trentino-Tirol Theas i dTuaisceart na hIodáile. Bhí 104,011 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2010. Is í "Città Bolzano / Stadt Bozen" an chathair is mó sa Chúige Féinrialaithe Tirol Theas agus tá sí príomhchathair an chúige freisin. Chomh maith le sin, tá ollscoil ann. Bunaíodh Saor-Ollscoil Bozen-Bolzano (unibz) sa bhliain 1998 agus is í an chéad ollscoil thritheangach san Eoraip í. (from Wikipedia)